Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cartlannú gréasáin: Féile ealaíon agus cheoil Electric Picnic

Is féidir tairseach cartlainne gréasáin na Leabharlainne Náisiúnta a úsáid le súil a chaitheamh siar ar chlár na féile thar na blianta

Dé Máirt, 29 Lúnasa 2023
Electric Picnic logo for 2014 with text and tree design

Déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ábhar i bhformáidí digitghinte a bhailiú mar chuid d’iarracht cuimhne na hÉireann a thaifeadadh agus a chaomhnú cibé formáid a bhfuil sé ann, stair dhigiteach Electric Picnic san áireamh.

Déantar athrú ar an ngréasán go sciobtha agus, mura dtugtar faoi chartlannú, táimid chun eolas faoinár sochaí agus faoinár gcultúr a chailleadh. Teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn atá sa chartlannú gréasáin ina mbítear de shíor ag freagairt d’fhorbairtí teicneolaíochta nua leis an eolas sin a ghabháil.

Déanann an Leabharlann Náisiúnta na céadta de láithreáin ghréasáin a chartlannú gach bliain, láithreáin a bhaineann le gnéithe éagsúla den saol in Éirinn, idir oideachas, an pholaitíocht agus toghcháin, idir cheol agus spórt, eolaíocht agus teicneolaíocht, an Ghaeilge agus imeachtaí domhanda. Déanaimid na nithe seo a chartlannú chun leas an phobail agus cuirimid ar fáil iad le gur féidir taighde agus staidéar príobháideach a dhéanamh orthu. 

Tá bailiúchán na Leabharlainne Náisiúnta de láithreáin ghréasáin chartlannaithe ar thairseach na cartlainne gréasáin

Féile bhliantúil ealaíon agus cheoil atá san Electric Picnic atá ar siúl ó bhí 2004 ann thart ar Halla an tSráidbhaile, an Sráidbhaile, Contae Laoise in Éirinn. Is féidir cliceáil anseo le súil a chaitheamh siar ar chuid den éagsúlacht ceoltóirí a bhí ann i gcaitheamh na mblianta, ainmneacha a lán ceoltóirí agus bannaí atá i ndiaidh leanúint ar aghaidh le bheith ina bpríomhoirfidigh idirnáisiúnta ó shin ina measc. Agus muid ag dul tríd na cláir ón tréimhse beagnach deich mbliana ó shin, tá ealaíontóirí mór le rá feicthe againn ar nós London Grammar, Kojaque, Aldous Harding agus Lewis Capaldi agus iad ag tosú ar na hardáin níos lú.

Screenshot of line up for Electric Picnic 2017

The lineup for Electric Picnic 2017 (screenshot taken from the NLI's  web archive portal)