Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Acmhainní | Turais agus Ceardlanna le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus Fortheidil

Grúpa daoine ag éisteacht le hóráid Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn ag seoladh ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’. Seasann ateangaire Teanga Chomharthaíochta na hÉireann in aice leis an Uachtarán.

Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn ag an seoladh Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Ar an Láthair
Ar Líne
Introduction Text
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag forbairt na mbailiúchán náisiúnta le breis is 140 bliain. Le linn an ama sin, tá athrú agus éabhlóid tagtha ar shochaí na hÉireann. Ar an ábhar sin, tugaimid dúshlán dúinn féin anois a chinntiú go léireoimid an t-athrú agus an éagsúlacht atá i gceist le bheith i d’Éireannach.

Nuair is féidir, déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a dícheall ár n-imeachtaí, turais, taispeántais agus acmhainní a chur ar fáil go héasca don oiread daoine agus is féidir. 

Cé go bhfuil na hacmhainní a leanas ar na hacmhainní is oiriúnaí dóibh siúd a dhéanann cumarsáid trí úsáid a bhaint as TeangaChomharthaíochta na hÉireann nó a dteastaíonn rochtain ar fhortheidil bheo uathu, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i mbun obair leanúnach chun ár n-acmhainní a fheabhsú chun go mbeidh siad inrochtana do chách.  

Má tá aiseolas, nó iarratas agat chun aon cheann dár n-acmhainní a dhéanamh níos cuimsithí do do chuid riachtanas, nó riachtanais phobal ar leith, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn ag learning@nli.ieheaneyexhibition@nli.ie.

  • Turas Fáilte Leabharlann Náisiúnta na hÉireann | Soláthraíonn an fháilte tosaigh seo seisiún eolais beag d’fhoghlaimeoirí a thugann cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann don chéad uair.
  • Seamus Heaney: Turas Éist Anois Arís | Tríd an turas seo ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ cuirtear cartlann fhairsing de pháipéir litríochta Sheamus Heaney Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i láthair foghlaimeoirí.
  • Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats | Turas tumthach ar Shaol agus Saothair William Butler Yeats, ag baint úsáide as taispeántas fíorúil radharc 360 céim.
  • Cogadh Domhanda na hÉireann: Eispéireas na hÉireann | Tugann an turas seo tús eolais d’fhoghlaimeoirí ar eispéireas uathúil na hÉireann ar an gCéad Chogadh Domhanda.
  • WB Yeats agus an Amharclannaíocht | Cuirfidh an turas scéal Yeats i láthair mar dhrámadóir agus mar dhéantóir amharclannaíochta trí sheoda bhailiúchán Yeats.
  • WB Yeats Béaloideas agus Seanscéalta | Scrúdaigh suim phearsanta WB Yeats i mbéaloideas na hÉireann le léamh géar ar dhánta móréilimh Yeats The Stolen Child agus The Song of Wandering Aengus.
  • WB Yeats agus Filíocht Dúlra | Caint grinnléitheoireachta ag díriú ar dhá cheann de na dánta dúlra is mó le rá ag WB Yeats; The Lake Isle of Innisfree agus The Wild Swans at Coole.
  • Réamhrá ar Thaighde i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann | Réamheolas ar bhailiúcháin agus ar sheirbhísí na Leabharlainne a thaispeánann conas catalóg na Leabharlainne Náisiúnta a úsáid agus do thaighde neamhspleách féin a thosú.
  • Ag Maireachtáil le Bród: Grianghraif le Christopher Robson | Turas fíorúil treoraithe ar an taispeántas ar líne Ag Maireachtáil le bród: Grianghraif le Christopher Robson.
  • Ó Suaitheadh go Sos: Grianghraif ó Chogadh na Saoirse | Tugann an turas ar líne seo comhthéacs do ghrianghraif, nuachtáin agus earraí inbhailithe 100 bliain d'aois ó bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta laistigh d'imeachtaí suntasacha Chogadh na Saoirse.
  • Seamus Heaney: Turas Fíorúil Éist Anois Arís | Tríd an turas seo ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ cuirtear cartlann fhairsing de pháipéir litríochta Sheamus Heaney Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i láthair foghlaimeoirí.

Fotheidil

Físeán | Sampla: Conas Bailiúcháin Dhigiteacha na Leabharlainne a Chuardach | Tá sé éasca catalóg ar líne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a úsáid chun foghlaim agus taighde a dhéanamh ó áit ar bith ar domhan. 

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Kathleen Clarke | Léiríonn an físeán tosaigh seo agus an aiste bheathaisnéise fhairsing in-íoslódáilte saol agus aimsir Kathleen Clarke.  

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Hanna Sheehy Skeffington | Nochtann an físeán tosaigh agus an aiste bheathaisnéise fhairsing PDF in-íoslódáilte saol agus aimsir Hanna Sheehy-Skeffington. 

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Austin Stack | Léiríonn an físeán tosaigh seo agus an aiste bheathaisnéise fhairsing in-íoslódáilte PDF saol agus aimsir Austin Stack. 

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Arthur Griffith | This introductory video and extensive downloadable PDF biographical essay reveal the life and times of Arthur Griffith.

Físeán | Sraith Físeáin Ceardaíochta Seamus Heaney | Físeáin cheardaíochta chun ár lucht féachana níos óige a dtaitníonn filíocht Seamus Heaney leo a spreagadh. 

Físeán | Turas Fíorúil ar Séamus Heaney: Taispeántas Éist Anois Arís | Fiosraigh cartlann Heaney ón mbaile nó ón seomra ranga leis an bhfísthuras seo den taispeántas. 

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Físeán | Ateangaireacht ar Fhilíocht Seamus Heaney | Ateangaireacht i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ar 5 dhán le Seamus Heaney atá ar Churaclam na hArdteistiméireachta. 

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ieheaneyexhibition@nli.ie.